Tá sé tábhachtach go mbeifeá ullmhaithe. Is mian linn a chinntiú go bhfuil gach rud a theastaíonn uait agat chun tús maith a chur le do thuras óstála, agus áirítear leis sin dlíthe agus rialacháin áitiúla a athbhreithniú nuair a liostóidh tú d’áit.
Bíonn rialacha i gceist in go leor cathracha a chlúdaíonn teach a roinnt, agus is féidir leis na cóid agus na reachtanna sonracha a bheith le feiceáil i mórán áiteanna (amhail cóid chriosaithe, foirgníochta, cheadúnaithe nó chánach).
I roinnt ceantar, b'fhéidir go mbeadh ort clárú nó cead nó ceadúnas a fháil sula liostóidh tú d'áit nó sula nglacfaidh tú le haíonna. D'fhéadfá a bheith freagrach chomh maith as cánacha áirithe a bhailiú agus a íoc.
Tá tú freagrach as cá háit, cá huair agus an dóigh a n-óstálann tú, agus mar sin de, teastaíonn uainn go mbeifeá ar do chompord leis na dlíthe agus na cánacha áitiúla. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le do rialtas áitiúil má bhíonn ceisteanna ar bith agat.
Chun cuidiú leat tosú, cuirimid roinnt acmhainní úsáideacha ar fáil faoi óstáil fhreagrach.
Iarraimid ort tú féin a chur ar an eolas faoi na dlíthe agus na rialacháin i do cheantar agus athbhreithniú a dhéanamh ar ár bPolasaí Neamhleithcheala sula liostóidh tú d’áit. Nuair a ghlacfaidh tú lenár dTéarmaí Seirbhíse agus nuair a liostóidh tú d'áit, deimhneoidh tú go gcloífidh tú leis na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme.
Más Óstach thú sa Fhrainc, tá tú ag deimhniú go gcloífidh tú leis na dlíthe is infheidhme agus aon chomhaontuithe a rinneadh le tríú páirtithe (m.sh.: conradh léasa).